‘Ealaíontóir cróga, gníomhaí síochána agus ball dílis d’Aosdána’ – ómós léirithe ag Uachtarán na hÉireann do Margaretta D’Arcy

Dúirt an tUachtarán Catherine Connolly go bhfuil ‘fíorbhrón’ uirthi cloisteáil faoi bhás Margaretta D’Arcy

Tá “comhbhrón ó chroí” curtha in iúl ag an Uachtarán Catherine Connolly do theaghlach agus cairde an ghníomhaí Margaretta D’Arcy, a bhásaigh inné agus í 91 bliain d’aois.

Dúirt an tUachtarán go raibh “fíorbhrón” uirthi nuair a chuala sí faoi bhás D’Arcy agus gur “ealaíontóir cróga, gníomhaí síochána agus ball dílis d’Aosdána” í.

“Bean thiomanta ab ea Margaretta, mar aisteoir, mar dhrámadóir, mar scannánóir agus mar scríbhneoir. Thug sí macántacht ina cuid oibre i gcónaí. Bhí a dúthracht don tsíocháin agus don ghníomhaíochas in aghaidh na cogaíochta chomh domhain céanna.

“Ba abhcóide í ar son ceartais dhomhanda, agus ba thaca dílis í do mhuintir na Palaistíne. Ghlac sí páirt go rialta in agóidí bunaithe ar a creideamh láidir i gcearta an duine,” a dúirt Connolly.

Bhí Margaretta D’Arcy ar dhuine de na daoine a thacaigh le feachtas uachtaránachta Connolly féin agus dúirt an tUachtarán, a toghadh an mhí seo caite, go bhfuil sí “buíoch as a flaithiúlacht agus an spreagadh a thug sí [di]” agus go raibh cruinniú aici leis an ngníomhaí aitheanta coicís ó shin.

“Léiríonn bás Margaretta cailliúint gutha uathúil i saol cultúrtha agus sibhialta na hÉireann. Is mór an chailliúint í do gach duine a raibh aithne acu uirthi. Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá teaghlach, dá cairde, agus do chách a raibh grá agus meas acu uirthi,” a dúirt an tUachtarán.

Dúradh i ráiteas a chuir Comhaontas Champas Ollscoil na Gaillimhe i gCoinne an Chindhíothaithe go raibh an grúpa “go mór faoi bhrón” go raibh “an mórlaoch ar son na síochána” ar shlí na fírinne.

Thug D’Arcy an dochtúireacht oinigh a bhronn Ollscoil na Gaillimhe uirthi ar ais don ollscoil níos luaithe i mbliana mar chomhartha agóide in aghaidh an bhaint atá ag Ollscoil na Gaillimhe leis an institiúid teicneolaíochta Technion, atá lonnaithe in Iosrael.

Related Posts

TRAGIC COLLISION 

Pregnant woman, 30s, dies & man critical after horror two-car crash in Antrim that sent eight to hospital as appeal made It came after a blue Ford…

FRY ME A RIVER 

RTE DWTS contestant admits ‘I should have exercised’ after earliest boot EVER as judges slate his ‘swatting flies’ samba A podcaster was the big surprise of the…

Après Ne t’enfuis plus, quelles adaptations d’Harlan Coben débarquent sur Netflix en 2026 ?

© Netflix Après Ne t’enfuis plus, quelles adaptations d’Harlan Coben débarquent sur Netflix en 2026 ? Un partenariat qui porte ses fruits Depuis 2018, Harlan Coben a signé…

PURE EVIL 

Chilling new details of monster’s confession after murdering sleeping mum as bro reveals heartache over ‘manipulation’ Murderer George Turner is one of the ‘most hated men’ in…

Florent Pagny a illuminé la cérémonie de remise de la médaille Arts et Lettres, partagé des moments complices avec son épouse Azucena au cœur du ministère de la Culture.

Florent Pagny a illuminé la cérémonie de remise de la médaille Arts et Lettres, partagé des moments complices avec son épouse Azucena au cœur du ministère de…

 BREAKING: David Muir Sends Shockwaves Through Broadcast News — And NBC Feels the Impact

Iп aп era wheп televisioп пews is fightiпg for relevaпce amid fractυred aυdieпces, decliпiпg trυst, aпd releпtless competitioп from digital platforms, oпe пυmber has cυt throυgh the…

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *